Sean Deora

Kila

Thit sean-bháisteach aréir
'S tharraing mé braon ar bhog-braon
Síos isteach i gclais doimhin
'S cailleadh mé i bhfolús ama

'S chaith mé tréimhse ann
i bhfolach i ndomhan-linn póite
Ag sruthlú dall i linn drúise
Ag cuimilt craiceann mo bhrionglóidí féin.

Sean-bháisteach

'S chonaic mé do aghaidh chiúin, shéimh
A shoilsigh chugam bealach úr, seal
Shéan mé é mar a shéanaim riamh
'S tháinig deora chuig do shúil

Sean-deora

'S seans amach anseo go bhfeicfidh mé
do shúil arís
'S seans amach anseo go shoilseoidh tú arís

Tracker

All lyrics are property and copyright of their owners. All lyrics provided for educational purposes only.