Bliain mhór sa taca seo ba deas mo chulaith éadaigh,
Ba lúfar éadrom aigeanta a dhéanfainn bean a bhréagadh,
Ach shantaigh mise an ghiobóg mar bhí cupla bó mar spré aici,
Is d'fhág sí ar an anás mé is mo chraiceann gheal gan léine
Má bhí culaith mhaith an uair sin ort, b'fhéidir nár leat féin í
Ní raibh tú pósta seachtain go raibh fear na comharsa 'hiarraidh;
Dhíol tú mo chuid eallaigh, le sin agus tuilleadh réiteach,
Is d'fhág tú ar an anás mé is gan snáithe orm san oíche
A bhuachaillí, a bhuachaillí, an méid agaibh atá gan pósadh,
Ná santaigí na giobógaí de réir mar a bíonn siad cóirithe,
Nó b'fhearr duit cailín glan agat a scuabfadh amach i gcónaí,
Ná luathra buí na seachtaine á cur amach Dé Domhnaigh
A cailíní, 's a cailíní, an meid a posadh
Dé Domhnaigh
i gcónaí